Déan Teagmháil Linn

Déan Teagmháil Linn

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Liatroma ar go leor bealaí:

Comhairle Contae Liatroma,

Áras an Chontae,

Ardán Sheoirse,

Cora Droma Rúisc,

Co. Liatroma,

N41 PF67

customerservices@leitrimcoco.ie

Teileafón: 071 9620005

Uimhreacha Teagmhála - Gach Rannóg

Seirbhís Glao ar Ais

Déanann an fhoireann um Sheirbhís do Chustaiméirí a dícheall chun scairteanna a fhreagairt chomh tapa agus is féidir. Is minic a fhaighimid cuid mhór glaonna, agus, ag brath ar ábhar an ghlao, tógann sé tamall le hábhar an ghlao a réiteach.

Sa chás go gcuirfear ar feitheamh thú ar feadh breis is nóiméad amháin, tairgfear Glao ar Ais duit. Is seirbhís den scoth é ina gcuireann duine den fhoireann um Sheirbhísí do Chustaiméirí glaoch ar ais ort a luaithe is féidir, seachas a bheith ar feitheamh.

Na Meáin Shóisialta

Lean Comhairle Contae Liatroma ar gcuntais ar Facebook, Twitter, Instagram agus LinkedIn chun bheith ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle ar fud ár réimse seirbhísí.

Fiosruithe Ríomhphoist

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Foireann um Sheirbhísí do Chustaiméirí de chuid Chomhairle Contae Liatroma ach ríomhphost a chur chuig customerservices@leitrimcoco.ie. Gheobhaidh tú admháil le dearbhú go bhfuarthas do cheist agus freagra uirthi ón bhFoireann um Sheirbhísí do Chustaiméirí, nó, sa chás nach féidir leo freagra a thabhairt, cuirfidh siad do cheist chuig an Rannóg ábhartha le freagra a chur chugat.

Fiosruithe ó na Meáin

Tá Oifigeach Teagmhála do na Meáin ainmnithe ag Comhairle Contae Liatroma chun freagairt d’fhiosruithe ó na meáin. Nuair is féidir, ba cheart ábhar d’fhiosraithe a chur isteach ar ríomhphost leis na sonraí atá á lorg agat, nó is féidir na sonraí a thabhairt i bpearsa nó ar an teileafón. Gheobhaidh tú admháil maidir le d’fhiosrú ón Oifigeach Teagmhála do na Meáin agus cuirfear freagairt fhoirmeálta ar fáil a luaithe is féidir. Déanfar gach iarracht freagairt a thabhairt ar d’fhiosrú roimh sprioc-am, ach ba cheart a thabhairt do d’aire gur cheart tráth freagartha réalaíoch a thabhairt le gur féidir aon sonraí/faisnéis a iarrtar a bhailiú agus le freagairt a ullmhú a leagann amach seasamh na Comhairle i leith na ceiste.

Seo a leanas sonraí teagmhála don Oifigeach Teagmhála do na Meáin:

Kieran Brett

Seirbhísí Corparáideacha

Comhairle Contae Liatroma

Cairt um Chúram Custaiméirí agus Gearáin

Tá soláthar seirbhísí ar ardchaighdeáin atá in oiriúint le freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí áitiúla ar na croíspriocanna ag Comhairle Contae Liatroma – cuimsíonn an tseirbhís ar ardchaighdeáin sin ní hamháin leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse a sholáthraítear do chustaiméirí, ach cáilíocht na bpróiseas cinnteoireachta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ár gcuid oibríochtaí, cáilíocht ár n-áiseanna agus ár gcumas dul in oiriúint do thimpeallacht chasta atá ag athrú i gcónaí.

Ach cliceáil ar na naisc a leanas, gheobhaidh tú tuilleadh sonraí maidir le Cairt um Chúram Custaiméirí agus Nós Imeachta le Gearáin a Dhéanamh.

Oifigeach Teagmhála um Sheirbhísí do Chustaiméirí:

Annette McCormack

Seirbhísí Corparáideacha

Comhairle Contae Liatroma

customercomplaints@leitrimcoco.ie