An Méid a Dhéanaimid

An Méid a Dhéanaimid

An Méid a Dhéanaimid

Tá 31 údarás áitiúil in Éirinn. Is í an chomhairle thofa fóram ceaptha beartais an údaráis áitiúil. Cuireann an 31 údarás áitiúil na céadta seirbhísí ar fáil, ar a n-áirítear bóithre; pleanáil; tithíocht; forbairt eacnamaíochta agus pobail; seirbhísí comhshaoil, áineasa agus conláiste; leabharlanna agus seirbhísí dóiteáin.

Ról na gComhairleoirí

Toghtar 949 comhairleoir chun 31 comhairle ar fud na tíre, rud a fhágann go bhfuil idir 18 agus 63 comhalta sna húdaráis áitiúla.

Tá gach údarás áitiúil, seachas Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas, Cathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí agus Cathair na Gaillimhe, rannta ina gceantair bhardasacha, agus déanann comhairleoirí ionadaíocht ar an gceantar bardasach agus ar an údarás áitiúil araon. San iomlán, tá 95 ceantar bardasach san iomlán ar fud na tíre.

Is í an chomhairle thofa fóram ceaptha beartais an údaráis áitiúil; feidhmíonn comhaltaí na gceantar bardasach mar fhochomhairle cinnteoireachta don chomhairle fhoriomlán maidir lena gceantar bardasach féin. Cuireann comhairlí tofa (agus iad ag feidhmiú mar údarás áitiúil nó ar bhonn ceantair bardasaigh) i bhfeidhm ‘feidhmeanna forchoimeádta’ atá sainmhínithe sa reachtaíocht i réimse dlíthe.

Ról an Fheidhmeannais

Is é an feidhmeannas a thugann faoi bhainistiú laethúil an údaráis áitiúil, i.e. na hoifigigh lánaimseartha faoi threoir an phríomhfheidhmeannaigh. Tá dualgas ar an bpríomhfheidhmeannach comhairle agus cúnamh a thabhairt don chomhairle thofa maidir le feidhmiú a gcuid feidhmeanna.