Doiciméid Ghaeilge

Bóithre a Dhúnadh go Sealadach - R280 ag Sráid Sheáin Mhic Diarmada

Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach

De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar oibreacha beartaithe le foirgneamh atá ann cheana a leagan agus tithíocht shóisialta a thógáil ar Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada (ar a dtugtaí Sráid an Chaisleáin tráth), Cluainín, Co. Liatroma, tugtar fógra leis seo go bhfuil cinneadh déanta ag Comhairle Contae Liatroma an chuid seo a leanas den bhóthar poiblí i gCeantar Bardasach Chluainín a dhúnadh:

An Bóthar atá le Dúnadh:  R280 ag Sráid Sheáin Mhic Diarmada (ar a dtugtaí Sráid an Chaisleáin tráth) ag an acomhal leis an N‑16‑2 go dtí an t‑acomhal leis an R‑282‑1 agus Bóthar na hUachtarlainne

Dátaí: Ón 16 Aibreán 2025 go dtí an 16 Bealtaine 2025

Malairt Slí: Trí L‑2643‑3 Bóthar na Páirce agus R‑282‑1 Bóthar Scríneadh

Beidh comharthaí ar an malairt slí.
Déanfaidh Comhairle Contae Liatroma gach iarracht dlús a chur leis na hoibreacha d’fhonn an bóthar a oscailt arís a luaithe is féidir.