Doiciméid Ghaeilge

Athbhreithniú ar na Fodhlíthe maidir le Luasteorainneacha, 2024

 

Bóithre Áitiúla Tuaithe - Athbhreithniú ar na Fodhlíthe maidir le Luasteorainneacha, 2024

Tugtar fógra leis seo, de réir Alt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004, go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Contae Liatroma tús a chur le hathbhreithniú ar na Luasteorainneacha ar Bhóithre Áitiúla Tuaithe. Tá an t-athbhreithniú seo ag teacht sna sála ar reachtaíocht a ritheadh le déanaí (An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2024), ar mar thoradh air a laghdófar an luasteorainn réamhshocraithe ar bhóithre áitiúla tuaithe ó 80 km/u go 60 km/u.

Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis an luasteorainn réamhshocraithe 60 km/u ar bhóithre áitiúla tuaithe i mí na Samhna 2024. Ón tráth sin ar aghaidh, is é 60 km/u an luasteorainn a mbeidh feidhm aici ar gach bóthar áitiúil tuaithe ach amháin más rud é go bhfuil Luasteorainneacha Speisialta curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Liatroma.

De réir na treorach ón Roinn Iompair agus ó Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach, ní bheidh na nithe seo a leanas san áireamh san athbhreithniú seo ar bhóithre áitiúla tuaithe:-

1. Gach Bóthar Réigiúnach agus gach Bóthar Náisiúnta
2. Gach bóthar poiblí a bhfuil luasteorainn speisialta 30 km/u i bhfeidhm air
3. Gach bóthar poiblí a bhfuil luasteorainn speisialta 50 km/u i bhfeidhm air

Tá aghaidh le tabhairt ar na catagóirí bóithre poiblí in Uimhreacha 1 – 3 thuas i gcéim níos déanaí den athbhreithniú ar luasteorainneacha. Tá sé i gceist go dtabharfar aird ar na catagóirí sin in 2025.

Tá fáilte á cur ag Comhairle Contae Liatroma roimh aighneachtaí maidir leis an athbhreithniú seo ar na Luasteorainneacha ar Bhóithre Áitiúla Tuaithe. Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh mar seo a leanas:

• Tríd an ríomhphost chuig roads@leitrimcoco.ie – Luaigh “Athbhreithniú ar Luasteorainneacha – Bóithre Áitiúla Tuaithe – 2024” i líne ábhair an ríomhphoist
• Tríd an bpost chuig Rannóg na mBóithre, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma – Luaigh “Athbhreithniú ar Luasteorainneacha – Bóithre Áitiúla Tuaithe – 2024” ar d’aighneacht

Caithfidh aighneachtaí a bheith istigh faoina 4 i.n., Dé hAoine, an 2 Lúnasa 2024.