Acht na mBóithre, 1993 / Bóithre a Dhúnadh go Sealadach
De réir fhorálacha Alt 75 den Acht thuas agus Airteagal 12 de Rialacháin na mBóithre, 1994, agus chun críche éascaíocht a dhéanamh ar Thóstal Liatroma, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Liatroma cinneadh a dhéanamh na bóithre poiblí seo a leanas a dhúnadh:
An Chéad Dúnadh atá Beartaithe
Baile: Cluainín
Suíomh: An Phríomhshráid, Cluainín
Dáta/Am: Dé Sathairn, an 24 Bealtaine 2025 ó 12:00 go dtí 00:00
An Bóthar a Bheidh Dúnta: Bóthar Réigiúnach an R280, an Phríomhshráid, Cluainín, ag tosú ag an acomhal idir Bóthar Náisiúnta an N16 agus an R280 ag Bóthar Shligigh, agus ag críochnú ag an acomhal idir an R280 agus Lána an Teampaill (L-2643-1)
Malairt Slí: Ag taisteal duit ó Chora Droma Rúisc go Cionn Locha ar an R280, cas ar dheis ag an acomhal ar an bPríomhshráid (R280 agus L-2643-1), lean ar aghaidh ar an bPríomhshráid Uachtarach (L-2643-1) go dtí timpeallán an N16, cas ar chlé ag an timpeallán agus lean ort ar an N16 ar an Líne Nua, cas ar dheis ag na soilse tráchta agus lean ort ar an R280 ag Sráid an Chaisleáin agus ar aghaidh chuig Ceann Locha.
-------------------------------------------------------
An Dara Dúnadh atá Beartaithe
Baile: Droim Caorthainn
Sráid/Bóthar: An Phríomhshráid, Droim Caorthainn
Dáta/Am: Dé Domhnaigh, an 25 Bealtaine ó 11:00 go dtí 19:00
An Bóthar a Bheidh Dúnta: Bóthar Réigiúnach an R280-24, ó theorainn thiar Ionad Sláinte Dhroim Caorthainn in aice le hacomhal an R280-23 le bóthar áitiúil an L4250-1, agus ag críochnú ag acomhal an R280-25 le bóthar áitiúil an L4251-0
Malairt Slí: Tóg an R-200-1, R-200-2 (Bóthar na Damhshraithe) go dtí acomhal an L-4250-1, agus ar aghaidh ansin ar an L-4250-1 go dtí an t-acomhal leis an R-280-23 (Bóthar Chora Droma Rúisc).
Aon duine arb éagóir leis nó léi an cinneadh beartaithe sin chun na bóithre thuas a dhúnadh, is féidir leis nó léi agóid a dhéanamh ina aghaidh chuig an Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Pleanáil agus Iompar, Comhairle Contae Liatroma, Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma, tráth nach déanaí ná 16:00, Dé Máirt, an 6 Bealtaine 2025.