News

COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ MAIDIR LE MEASÚNACHT TIONCHAIR TIMPEALLACHTA TRASTEORANN (MTT)

Iarratas Pleanála d’fhorbairt Feirm Ghaoithe Amach ón gCósta de chuid Morecambe atá beartaithe, atá suite i Muir Éireann tuairim is 30km ó chósta Lancashire

 

De réir fhorálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip 1991 maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (“Coinbhinsiún Espoo”), fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta fógra ó Chigireacht Pleanála na Ríochta Aontaithe (“PINS”) i ndáil le hiarratas ar thoiliú forbartha (“an t-iarratas pleanála”) ó Morecambe Offshore Windfarm Ltd. Is tionscadal é Tionscadal Gaoithe Amach ón gCósta de chuid Morecambe (ach gan a bheith teoranta dó) a chuimsíonn feirm ghaoithe amach ón gcósta atá suite i Muir Éireann tuairim is 30km ó chósta Lancashire.

 

Chun críocha Rialachán 32 de na Rialacháin um Pleanáil Bonneagair (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 2017 (Rialacháin MTT 2017), tá scagthástáil trasteorann MTT déanta ag Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe. Chinn an cleachtadh scagthástála seo go bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith ag an bhforbairt atá beartaithe ar an timpeallacht sa Stát seo. Tá an measúnú scagthástála ar fáil ag:

 

https://infrastructure.planninginspectorate.gov.uk/wp-content/ipc/uploads/projects/EN010121/ EN010121-000442-MORC%20-%20Regulation%2032%20Transboundary%20Screening.pdf

 

Cuirfear tús le comhairliúchán poiblí ar fud na tíre le haghaidh aighneachtaí ar an 4 Meán Fómhair 2024. Féadfaidh duine den phobal tuairim nó aighneacht i scríbhinn a dhéanamh maidir leis na héifeachtaí trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag an tionscadal ar an gcomhshaol, faoi am scoir gnó ar an 9 Deireadh Fómhair 2024 ar a dhéanaí. Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh chuig:

 

morecambeoffshorewindproject@planninginspectorate.gov.uk

 

B’fhéidir gur mhaith le daoine den phobal dul do tairseach chomhairliúcháin phoiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag an nasc thíos chun féachaint ar chomhfhreagras ó PINS na Ríochta Aontaithe, ar chóipeanna digiteacha de shleachta ó Ráiteas Comhshaoil an iarratasóra, ar dhoiciméid ghaolmhara agus ar naisc a chuir PINS na Ríochta Aontaithe leis an Ráiteas Comhshaoil iomlán agus ar gach cáipéis eile a bhaineann leis an iarratas ar thoiliú forbartha don fhorbairt bheartaithe.

 

https://consultation.dublincity.ie/planning/morecambe-offshore-windfarm

 

Is féidir na doiciméid faoin gcomhairliúchán poiblí a bheith curtha ar fáil le breathnú orthu in oifig Rannóg Pleanála gach údaráis áitiúil ar fud na tíre le linn uaireanta oifige, ach coinne a dhéanamh más gá. Tá cóip de na cáipéisí sin ar fáil lena n-iniúchadh, nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh, le linn uaireanta oifige. Cuirfidh an uile údarás áitiúil naisc chuig gach cáipéis ar fáil ar líne. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil i gcomhair sonraí breise.

 

B’fhéidir nach mbeidh tú in ann breathnú ar an ábhar in oifigí áirithe údaráis áitiúil gan coinne a dhéanamh. Mar sin de, moltar go mór duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil lena fháil amach an gá duit coinne a dhéanamh sula dtéann tú ann chun na cáipéisí a fheiceáil. Tá an uile cháipéis a bhaineann leis an iarratas ar thoiliú forbartha don fhorbairt bheartaithe ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin PINS na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise a nglacann suíomh gréasáin PINS na Ríochta Aontaithe léi ag:

 

https://national-infrastructure-consenting.planninginspectorate.gov.uk/projects/EN010121/documents