Uaireanta Oscailte

Uaireanta Oscailte

Oifig Mótarchánach - Fón: 071 9650419

Bíonn an Oifig Mótarchánach ar oscailt in Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, 9.30am - 1.00.pm (Luan go hAoine seachas ar Lá Saoire Bainc).

Is féidir iarratas ar Mhótarcháin a dhéanamh tríd an bpost nó a chur inár mbosca poist ar an mbunurlár íochtarach in Áras an Chontae. Glacfar le fiosruithe ar an nguthán ar 071 9620005, Folíne 2, nó ar ríomhphost ar motortax@leitrimcoco.ie

Is féidir iarratas ar mhótarcháin a dhéanamh ar líne ag www.motortax.ie. Is iad an 6 dhigit dheireanacha ar bharr ar dheis ar do Theastas Cláraithe Feithicle (logleabhar) do UAP.

Oifig an Airgid - Fón: 071 9620005, Folíne 400

Bíonn Oifig an Airgid ar oscailt in Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, 9.30am - 1.00.pm agus 2.00pm - 4.30pm (Luan go hAoine seachas ar Lá Saoire Bainc).

Oifig Pleanála - Fón: 071 9650450

Bíonn an Oifig Pleanála ar oscailt in Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, 9.30am - 1.00.pm agus 2.00pm - 4.30pm (Luan go hAoine seachas ar Lá Saoire Bainc).

Ríomhphost: planning@leitrimcoco.ie

Is féidir iarratas pleanála a dhéanamh tríd an bpost nó a chur inár mbosca poist ar an mbunurlár íochtarach in Áras an Chontae.

Tithíocht - Fón: 071 9650426

Bíonn an Oifig Tithíochta ar oscailt in Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, 9.30am - 1.00.pm agus 2.00pm - 4.30pm (Luan go hAoine seachas ar Lá Saoire Bainc).

Ríomhphost housing@leitrimcoco.ie

Is féidir iarratas ar Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus ar Íocaíocht Tithíochta Sóisialta a dhéanamh tríd an bpost nó a chur inár mbosca poist ar an mbunurlár íochtarach in Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma.

Seirbhísí Custaiméara

Bíonn Seirbhísí Custaiméara ar oscailt in Áras an Chontae, Cora Droma Rúisc, 9.30am - 1.00.pm agus 2.00pm - 4.30pm (Luan go hAoine seachas ar Lá Saoire Bainc).

Beidh an fhoireann ar fáil le glaonna a fhreagairt ó 9.00am - 1.00pm agus ó 2.00pm - 5.00pm (Luan go hAoine seachas ar Lá Saoire Bainc).

Is féidir comhfhreagras a chur chuig an gComhairle ag an seoladh seo:

Comhairle Contae Liatroma

Áras an Chontae,

Cora Droma Rúisc,

Contae Liatroma,

N41 PF67

customerservices@leitrimcoco.ie

Éascaíonn an Oifig Fiontair Áitiúil na seirbhísí a leanas:

  • Fiosruithe ó Chliaint
  • Seirbhísí Gairmiúla Meantóireachta
  • Saoráidí Iasachta Micro Finance Ireland
  • Deontais le haghaidh Trádáil ar Líne
  • Cúrsaí Oiliúna ar Líne
  • Tionscnaimh LEAN.
  • Eolas Gnó maidir leis na tacaíochtaí go léir a bhí ar fáil le linn géarchéim COVID-19.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.localenterprise.ie/Leitrim, nó déan teagmháil leis an oifig ar an nguthán ar 071 9650420 nó ar ríomhphost ar info@leo.leitrimcoco.ie

Seirbhísí Dóiteáin & Éigeandála

Freagraíonn an tSeirbhís Dóiteáin do ghlaonna a théann tríd an gcóras 999/112. Glacfar le Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán agus le Teastais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas tríd an bpost nó, más féidir, ar ríomhphost – fireoff@leitrimcoco.ie. Beidh an córas bainistíochta um rialú tógála (CBRT) ar fáil le Fógraí Tosaithe/ Fógraí 7-lá agus teastais chomhlíonta agus chríochnaithe a chur isteach.

Ionaid ‘Fág Anseo’

Tá gach ceann den 40 Ionad ‘Fág Anseo’ ar fud an chontae fós oscailte. Tá Ionaid ‘Fág Anseo’ á líonadh go béal níos minice na saolta seo. Chuige sin, iarrann Comhairle Contae Liatroma ar an bpobal a bheith aireach gan earraí in-athchúrsáilte a fhágáil i málaí ná i mboscaí ar an talamh taobh leis na hIonaid ‘Fág Anseo’ le bailiú. Iarrtar ar dhaoine ionad fág anseo eile a úsáid nó filleadh ag am eile i ndiaidh fholmhú an ionaid.

Ionad Athchúrsála Chluainín - Fón: 071 9820888

Aoine 11am-2pm agus 3pm-6pm

Satharn 9am-1pm agus 2pm-5pm

Ionad Athchúrsála, Maothail - Fón: 071 9632974

Aoine 11am-2pm agus 3pm-6pm

Satharn 9am-1pm agus 2pm-5pm

Leabharlanna

Tá seirbhísí iasachta ar fáil i ngach leabharlann ar fud an chontae. Is féidir eolas maidir leis na seirbhísí ‘Teagmháil agus Tógáil’, agus ‘Amharc agus Iasacht’ a fháil ach glaoch ar 071-9645582 nó ríomhphost a chur chuig leitrimlibrary@leitrimcoco.ie.

Bóithre agus Iompar

Oifig Ceantair, Liatroim Theas - Fón: 071 9620005

Park Lane, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma

Oifig Ceantair, Liatroim Thuaidh - Fón: 071 9855033

Cluainín, Co. Liatroma

Leanfaidh muid orainn ag freagairt do chúrsaí cothabhála práinneacha agus ag riar na gclár cothabhála geimhridh agus leata grin, más gá.

Leanfar le glantachán sráide agus le folmhú araidí mar is gnách.

Sonraí Teagmhála Eile

An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) - Fón: 076 1087880

Luan go hAoine: 09:00 - 17:00

Satharn: 09:00 - 14:00

An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Tástáil Tiomána) - Fón: 1890 406040

Luan go hAoine: 09:00 - 17:00

Satharn: 09:00 - 14:00

Seirbhísí TNG - Fón: 01 4135992

Luan go Déardaoin: 08:00 – 20:00

Dé hAoine 08:00 – 18:00

www.ncts.ie

Seirbhísí um Cháin Cláraithe Feithiclí – Fón: 01-4135975

https://www.revenue.ie/ga/vrt/index.aspx

Déanfaimid ár ndícheall thú a choinneáil ar an eolas faoi aon athruithe maidir leis an gcaoi a gcuirimid seirbhísí ar fáil duit.