Cé Muid Féin

Cé Muid Féin

Bunaíodh Comhairle Contae Liatroma faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, agus tionóladh an chéad chruinniú an 22 Aibreán 1899. Tá sí ar cheann de 31 Comhairle Contae/Údarás Áitiúil i bPoblacht na hÉireann agus í freagrach as limistéar riaracháin Chontae Liatroma, áit a soláthraíonn réimse leathan seirbhísí atá riachtanach do shaol fisiceach, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha an chontae.

I gcomhréir le córas rialtais áitiúil na hÉireann, a chuimsíonn ionadaíocht dhaonlathach agus riarachán poiblí araon, tá ról ionadaíochta agus oibríochta ag Comhairle Contae Liatroma mar údarás áitiúil.

Ról Oibríochta: Déanann an Comhairle Contae cinntí le Rún ag cruinnithe démhíosúla. Is ag an bPríomhfheidhmeannach agus a fhoireann atá ról oibríochta Chomhairle Contae Liatroma. Is iadsan atá freagrach as riar na Comhairle ó lá go lá. Tugtar "feidhmeanna feidhmiúcháin" ar na feidhmeanna a dtugann an Príomhfheidhmeannach fúthu.