An Scéim Deontais Bearrtha Fáil, 2024/2025
D’fhonn bearradh crann agus fálta cois bóthair a spreagadh, feidhmíonn Comhairle Contae Liatroma Scéim Deontais Bearrtha Fáil. Tá an Scéim Deontais Bearrtha Fáil oscailte anois agus é mar aidhm aici bearradh fálta/crann cois bóthair ar an nGréasán Bóithre Poiblí a spreagadh. Tá sí oscailte do chách, idir iarratasóirí aonair, phobail agus ghrúpaí.
Is é €75 an deontas in aghaidh an chiliméadair den fhálú/chrainn cois bóthair a bhearrtar. Caithfidh 1 chiliméadar ar a laghad den ghréasán bóithre a bheith i gceist le gach iarratas. Tá deontas breise nua is fiú €50 in aghaidh an chiliméadair (€125 san iomlán in aghaidh an chiliméadair) tugtha isteach ag Comhairle Contae Liatroma d’fhonn bearradh craobhacha crainn contúirteacha atá os cionn an bhóthair a spreagadh ar an nGréasán Bóithre Poiblí.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na mBóithre ar roads@leitrimcoco.ie nó ar 071 9620005 Folíne 630.
Is é Dé hAoine, an 31 Eanáir 2025 an dáta deiridh a mbeifear ag glacadh le hiarratais.